SEACHTAIN NA GAEILGE 2020

LORG SIOPAÍ SA CHEANTAR

Chuaigh páistí ó Rang a Trí chun Rang a Sé ar ‘Lorg Siopaí’ i lár an bhaile 10/03/20. Chonaic siad a lán siopaí agus an Plás Uí Chonaire nua!!  

AN LEABHAR IS FEARR LIOM

Bhain na páistí ó Rang 3 & 4 sult as an gclár ealaíne 05/03/20 – Lá Idirnáisiúnta na Leabhar. Rinneadh leabhráin darbh ainm ‘An Leabhar is Fearr Liom’ a cheangail siad den chrann ‘speisialta’ sa phasáiste.